Bróga nua ag teastáil

Fuaireas taithí ar chruatan na canbhasála arís le déanaí: bhí bileoga le dáileadh ar thithe i gCnoc na Cathrach chun cuireadh a thabhairt don phobal dílis Glas thiar teacht chuig an gcruinniú poiblí le John Gormley a tionóladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí. Tá go leor, leor tithe i gCnoc na Cathrach agus díle báistí le titim le mí anuas, ach fiú dá mbeadh spéirling ann, chaithfí an scéal a scaipeadh go raibh an tAire Comhshaoil ag teacht chun na Gaillimhe. Suas agus anuas linn chuig gach doras agus gach bosca litreach. Ar Bhóthar na Ceapaí, sheas madra mór dubh go bagarthach ag an ngeata. Theitheamar gan mórán machnaimh a dhéanamh. I Ros Ard, ba bheag ná baineadh an lámh díom agus an bhileog á sá síos sa bhosca litreach agam: madra mór dubh eile laistigh agus craos air, ba chosúil. Má bhí béile le caitheamh i dteannta John Gormley an deireadh seachtaine sin, d’alp an madra úd siar an tAire Comhshaoil i bhfaiteadh na súl - nó pictiúr de, ar a laghad.  In ainneoin na madraí agus na báistí, d’éirigh linn ualach bileog a scaipeadh an tráthnóna úd. Bhí sé crua ar na cosa, ach ba chleachtadh maith é don chanbhasáil a bheidh ar siúl againn an bhliain seo chugainn do na toghcháin áitiúla. Fonn ar aon duine eile dúshlán na madraí a thabhairt?

Leave a Comment